"The drb sustains a level of commentary on Irish and international matters that no other journal in Ireland and few elsewhere can reach. It deserves all the support that can be given it." X
Space to Think, a new book celebrating ten years of the Dublin Review of Books More Information 

Íbíotsa, le

Labhrás Ó Finneadha
Publisher
Cois Life
Price
€10.00
ISBN
9781907494536


EXTRACT COPYRIGHTED MATERIAL

From ‘Cuairt ghairid’

‘Breathnaigh isteach an bheirt,’ a deir an cléireach fáiltithe i leathchogar leis an mac léinn a bhí ar jab samhraidh san óstán.

‘Céard fúthu?’ ar seisean i monabhar íseal as taobh a bhéil amach. Bhí sé foghlamtha faoin am seo aige gur faoina anáil a chaithfeadh duine labhairt an t-achar a bheadh sé ar chúl an chuntar darach agus ar an gcaoi sin nach raibh aon bhaol go sceithfeadh béadán rún. Ba chuma go raibh an bheirt a rabhadar ag caint orthu fós taobh amuigh den doras gloine agus fear na culaithe ag tarraingt gaile ar a dhícheall as an toitín – gan dúil níos mó aige ann, ach leisce air ag an am céanna aon ghráinne tobac a ligean amú.

‘Abair thusa liomsa é. An dtugann tú aon rud faoi deara fúthu?’ Bhí clár na n-aíonna tarraingthe aníos ar scáileán an ríomhaire anois ag an gcléireach agus na hainmneacha a raibh ponc dearg leo tugtha go barr an liosta aige. Ba iad seo an dream a rabhthas cinnte de nár thángadar isteach fós anocht, agus is beag a d’éalaigh ar an gcléireach.

‘Dheamhan mórán, tá seisean i bhfad níos sine ná ise. Ach cén dochar? Tarlaíonn go leor de sin na laethanta seo. Ní fheicimse tada aisteach fúthu, mura i ndán agus go bhfuil sé féin pósta agus go bhfuil sé ar saoire leis an “rúnaí”.’ In éadach neamhfhoirmiúil a bhí an ‘rúnaí’ agus í anois ag breathnú ar a huaireadóir mar chomhartha soiléir go raibh sé in am a bheith ag bogadh isteach.

‘B’fhéidir, ach ní móide,’ a deir an cléireach a raibh cúig bliana déag caite ag obair anseo ar an seal oíche aige. Bhí a fhios aigesean gach a raibh ag tarlú san óstán, agus bhí sé bródúil a dhóthain as a chumas a bheith in ann daoine a léamh agus iad a dhéanamh amach. ‘Bean dhubh í. An bhfaca tú bean dhubh ag fanacht san óstán seo ó tháinig tú? Chuirfinn geall nach bhfacais! Bíonn tú thíos ar an trá chuile lá. An bhfeiceann tú mná den chine sin ar an trá? Cuimhnigh ceart ort féin, céard a bhíonns na daoine dubha a dhéanamh thíos ansin?’

Bhí tuairim mhaith ag an leaid óg nach é an dea-chlú a d’fhágfadh an chaint seo ar an

mbean ghorm. Ach ní raibh a fhios aige fós, ar chiníochas lom a bhí i mbriathra an fhir eile nó an raibh scéal níos mó le haithris aige agus b’fhéidir rún le scaoileadh.

Bhí an bheirt tagtha isteach anois agus iad ag déanamh a mbealaigh ina dtreo, ach gur stop siad tamaillín ag an siopa beag ag breathnú ar na daighsíní a bhí san fhuinneog. B’ise anois a bhí ag moilleadóireacht agus ba léir go raibh seisean ar bís leis an aistear ó dhoras go seomra a chur de chomh tréan in Éirinn agus a d’fhéadfadh sé é. Shiúil sé coiscéim eile; stad agus chas. Ba chosúil go raibh sé idir dhá chomhairle an bhfanfadh sé ina sheasamh nó an mbuailfeadh sé faoi ar an gcathaoir bhog idir an cachtas agus an t-aló íceach.

‘Ó labhair tú air, ní fhaca,’ arsa an mac léinn. ‘Bhí Síneach anseo an lá cheana ceart go leor, ach ní fhaca mé aon bhleaic ann. Ar an trá, ocastóirí ar fad iad na daoine dubha. A Chríost na Maighdine, nach mé atá damnaithe acu ag iarraidh a bheith ag díol liom; ach is fir chuile dhuine acu sin. Ó chuimhním anois air, ní fhaca mé aon bhean dhubh ar an trá – nó má bhí siad ann níor thug mé aon suntas dóibh.’

Rinne sé sos cainte nuair a tháinig an bheirt i ngiorracht don chuntar. Bhain an cléireach na spéacláirí de sular sméid sé a cheann go béasach orthu. Má freagraíodh a bheannú ní fhaca an mac léinn é, óir gur tháinig rabhait corrabhuaise de léim air a thug air tosú ag léamh a leabhair amhail agus go raibh fuascailt ar rúndiamhara an tsaoil le fáil aige ann. Níor ardaigh sé a chloigeann arís nó gur braith sé an miam

cumhráin – meascán éigin idir mos fearúil gallúnúil agus cumhracht bhanúil pósaetha – iompartha leis i dtreo na n-ardaitheoirí. Nuair a chonaic sé na comhlaí sleamhnáin ag dúnadh i ndiaidh na beirte isteach, labhair sé arís: ‘Ach bíodh a fhios agat, a dhuine chóir, nach dtugaimse aird, dáiríre, ar dhath an chraicinn. “Níor mhiste liom í a bheith crón” a bhí sa seandán sin, nárbh ea?’