"The drb sustains a level of commentary on Irish and international matters that no other journal in Ireland and few elsewhere can reach. It deserves all the support that can be given it." X
Space to Think, a new book celebrating ten years of the Dublin Review of Books More Information 

Aois Fir

Liam Ó Muirthile
Publisher
Cois Life
Price
€10.00
ISBN
9781907494505


EXTRACT COPYRIGHTED MATERIAL

Extract from Chapter 5

Bhí ocras air. Bia fós sa chorcán. Maicréil úra.

Prátaí fuara. Arán sóid a mháthar.

Las sé tine faoin gcorcán sa holt nuair a cuireadh na málaí i dtír, agus é fillte leis na húlla. Bheidís chuige gan mhoill, a mheas sé. Maicréil faighte acu ar an dorú ag teacht aniar. Dosaen fánach. Bhraith sé chomh sásta le prionsa. Gan aon bheann acu ar shiopadóirí Bhaile na Spáinneach.

Púr deataigh cois calaidh. Boladh neamhspleách uaidh, boladh na hInise. Na Wonders a bheiriú i dtosach, agus an t-iasc a chaitheamh isteach in uisce na bprátaí. Dhein sé ceann acu a róstadh ar na caoráin. D’ith sé a dhóthain. Maicréal milis. Blúire ime ar an arán agus ar na Wonders. Bainne ón juga. Choimeád sé na prátaí dóibh. An t-iasc fós ann gan beiriú dóibh. D’itheadar ladhar prátaí fuara

amach as a gcrobh nuair a thángadar. Mura raibh rud le n-ithe acu thuas faoin mbaile. Bhí. Pórtar, lán a mbolg de. Agus fuisce.

Chuireadar déistin air. Ní i dtosach é. Ní mar gheall ar an ól go háirithe é. Ach na prátaí fuara. Á bpléascadh ina gcrobh gan an craiceann a bhaint. Á smearadh lena bpus. Ait an rud é. Níorbh iad an bheirt chéanna ag imeacht agus ag teacht iad. Nuair a thosnaíodar ar an bpoitín sa mhála, ar an mbealach amach as an gcuan, chuadar le craobhacha diaidh i ndiaidh. Dúirt a athair leis féin dul ar an stiúir gan iad ach leath slí amach. Bhí na seolta crochta.

‘Coimeádfaidh siad an ghaoth agus an Dún á ghlanadh. Téir amach tamall, míle nó dhó, agus luífidh sí leis an ngaoth, siar. Ná bain leis an inneall.’

Chuadar sa holt. Níor thug sé aon aird orthu. É chomh sásta ar an stiúir.

Bhí leathdosaen buidéal aige sa mhála i gcomhair na Nollag. Bhí fios curtha aige orthu, a rá is go rabhadar roimhe. Níorbh é an chéad uair aige é ná baol air. Páipéar nuachta orthu. Lucht poitín an tsléibhe i bhfad isteach. Gan aon phoitín san Inis.

Bhí ocras arís air.

Chuir an fharraige faobhar ar an ngoile. Dea-chomhartha dó féin é a ghoile. Cén scéal grinn a bhí ann i dtaobh an bhacaigh ag triall ar an tigh céanna an dara seachtain as a chéile? ‘An bhfuil ocras arís ort?’ a d’fhiafraigh bean an tí de, nuair a d’aithnigh sí mo dhuine sa doras. Ní mór iad na bacaigh a bhíodh ag triall orthu san Inis, ach bacaigh uaisle.

Ná bac an t-ocras, ar sé leis féin. Cén t-am de lá é?

Bhí an ghrian folaithe laistiar de na scamaill. Nuair a nochtfadh sí arís, dá ndéanfadh, bhí cleas na boise aige óna sheanathair. Fiú agus í folaithe, d’fhéadfadh sé buille faoi thuairim a thabhairt ar an am. Chuimhnigh sé air féin. Bos a sheanathar. Lámh an gharsúin a bhí air féin. Bos amháin saor, agus bos eile ar an stiúir. Bhí a lámh dheas aige. Bhí tuairim aige cá raibh an ghrian agus í ar a haistear siar tráthnóna. Shín sé géag na láimhe deise uaidh, chas isteach an lámh féin, lúb a ordóg isteach i dtreo na boise, dhírigh. Chaoch sé leathshúil. Abair go bhfuil an ghrian ansin, an bhos a chrochadh díreach faoi bhun na gréine. Uair an chloig leithead na boise, agus go hachomair, uair an chloig eile, agus ceathrú uair an chloig gach méar … Á níorbh aon mhaith é, gan radharc a bheith aige ar an ngrian féin. Pé scéal é, bhí a bhoisín róchaol, agus chuirfeadh sé an tomhas as … ach níor mhar a chéile bos gach fir … nuair a luigh a bhoisín i lámh a athar, fuair sé boladh géar searbh an tobac uaidh ina dhiaidh ...

Ní raibh aon tseans go fóill ann go nochtfadh an ghrian agus brat tiubh scamall anuas uirthi. Bhí an ghaoth anoir aduaidh ag aistriú, siar a mheas sé, agus na seolta ag plabaíl. Neosfadh feothan. D’fhéach sé roimhe agus mórthimpeall. D’inis an ghaoth a scéal féin i gcónaí ar bhrat na mara. Teallaire gan béasa ach a tógaint féin aici, pé áit é. Chonaic sé feothan ar cosa in airde idir an bád agus an talamh, ag dubhú clár na mara, ag coipeadh an uisce. Chuir sé na coir de isteach i dtreo na tíre.